mary harris on irish settlers and the anti-colonial ties that bind

28Aug10

Mary N. Harris, ‘Irish Americans and the Pursuit of Irish Independence’, European migrants, diasporas and indigenous ethnic minorities, ed. Matjaz Klemencic, Mary N. Harris (Pisa: Plus-Pisa University Press, 2009).

Abstract:

This chapter examines the role of Irish Americans in supporting and initiating a range of political campaigns in Ireland since the early 19th century. Some had previously been politically active in Ireland; others, fleeing famine and destitution, arrived in America embittered towards the British government, their sense of victimhood reinforced by hostility towards Catholic immigrants. Such immigrants readily supported political ventures in Ireland and the American tour became an important source of financial as- sistance for Irish campaigners. However, power struggles sometimes occurred between Irish American and Irish leaders, also divided among themselves in terms of aims and strategies. During the recent conflict in Northern Ireland, nationalist supporters of nonviolent politics and proponents of the armed struggle competed for Irish American support. Ultimately, Irish Americans played a significant role in the peace process, particularly by winning President Bill Clinton’s support.

Ó thús an 19ú haois i leith, tá Éireannaigh i Meiriceá agus a sliocht tar éis tacaíocht thábhachtach a thabhairt do bheartais pholaitiúla éagsúla in Éirinn. Tháinig cuid den tacaíocht seo ó dhaoine a bhí gníomhach i gcursaí polaitiúla in Éirinn tráth – Éireannaigh Aontaithe, Éireannaigh Óga, Fíníní, an IRA, daoine a tháinig ar shlite nua chun cás na gCaitliceach in Éirinn agus saoirse na hÉireann a chur chun cinn. Tháinig cúnamh leis ó na himircigh a theith ón nGorta agus ón gcruatan sa 19ú haois, agus dearg-ghráin acu ar rialtas na Breataine, daoine a bhraith gur deoraíocht seachas deis a bhí san imirce. Ach níorbh iad cúinsí na hÉireann amháin a mhúnlaigh an pobal Éireannach i Meiriceá. Nuair a bhain imircigh bhochta Meiriceá amach i lár an 19ú haois, bhí doicheall faoi leith roimh eachtrannaigh Chaitliceacha; mhéadaigh an naimhdeas seo tuiscint na nGael gur dhream faoi chois iad.

Ní raibh an pobal Éireannach i Meiriceá ar aon aigne faoi chúrsaí polaitíochta, ach bhí siad chomh líonmhar sin gurbh fhuirist do pholaiteoirí fuinniúla ó Éirinn roinnt mhaith tacaíochta a fháil i Meiriceá ach teagmháil a dhéanamh leis na daoine cearta. Thuig poblachtánaigh, polaiteoirí a bhí ag díriú ar an Rialtas Dúchais, Cumann Luthchleas Gael agus Connradh na Gaeilge é sin go maith, agus ba ghnách lena leithéid turas a thabhairt go Meiriceá, aithisc a thabhairt ar son na cúise agus airgead a bhailiú.

Ach ní ról tacaíochta amháin a bhí ag na Gaeil i Meiriceá: is i Meiriceá a beartaíodh tús a chur leis na Fíníní ag deireadh na 1850í agus bhí ról lárnach ag John Devoy i dtioncsnaimh éagsúla ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois. Ó am go chéile tharla coimhlíntí cumhachta idir cinnirí i Meiriceá agus in Éirinn, go háirithe i rith chogadh na saoirse.

Nuair a bhris na Trioblóidí amach sa Tuaisceart ag deireadh na seascaidí, thug gníomhairí éagsúla aghaidh ar Mheiriceá arís, poblachtánaigh agus náisiúntóirí in iomaíocht lena chéile. Bhraith feachtas míleata an IRA go mór ar chúnamh ó Mheiriceá, ach ar deireadh bhí ról fíorthábhachtach ag na Gaeil i Meiriceá sa phróiseas síochána agus ba mhór an cúnamh an tacaíocht a fuair siad ó Bill Clinton chun réiteach a fháil ar cheist an Tuaiscirt.



%d bloggers like this: